Taithí oibre na hidirbhliana
Eolas do dhaltaí 2017-2018
Conas tosú
Conas a chuirim isteach ar thaithí oibre?
Eolas do dhaltaí 2017-2018
- Comhordaitheoir taithí oibre: Múinteoir Carly
- Déanfaidh gach dalta ceithre seachtaine taithí oibre.
- Dátaí taithí oibre- 13-24 Samhain (2 seachtain)
- Is féidir le daltaí dhá áit taithí oibre a eagrú do na tréimhsí seo, seachtain amháin in áit amháin agus seachtain eile in áit eile.
- Ba chóir go bhfuil an chéad seachtain 13-17 Samhain déanta le carthanacht de do rogha fhéin. Beidh na seachtainí eile in aon áit oibre.
- Níl cead ag daltaí postanna páirtaimseartha atá acu cheana féin a úsáid mar thaithí oibre.
- Tá árachas eagraithe agus i bhfeidhm agus clúdaíonn sé an chuid is mó de shuíomhanna oibre. Muna bhfuil tú ró-chinnte, iarr orm le cinntiú an bhfuil an suíomh oibre sin clúdaithe.
- Is é an t-ULLMHÚCHÁN an rud is tábhachtaí. Na daltaí atá eagraithe, eiríonn leo na háiteanna oibre atá uathu a fháil agus go ginearálta bíonn taithí níos fearr acu. Daoine go bhfágann an t-úllmhúchán don nóiméad deireanach, go minic bíonn díomá orthu agus dá bharr sin bíonn taithí diúltach acu. Beidh sonraí den taithí oibre de dhíth ón scoil seo roimh an tríú seachtain i mí Mheán Fómhair, mar sin tosaigh ag smaoineamh anois go luath agus ag eagrú.
Conas tosú
- Tosaigh ag smaoineamh anois faoin saghas taithí agus poist a bhfuil suim agat iontu.
- Labhair le do theaghlach agus le do mhúinteoirí le haghaidh comhairle. (Cuimhnigh nach post an mhúinteora nó do thuismitheora é post a aimsiú duit, ach is féidir linn comhairle agus cabhair a thabhairt dhuit.)
- Labhair le haon duine a bhfuil aithne agat orthu a rinne an idirbhliain. Cuir ceist orthu faoin saghas taithí oibre a rinne siad agus cad a thaitin leo , agus cad nár thaitin leo.
- Cuir isteach ar phoist a bhaineann le do chuid caitheamh aimsire nó aon ábhar a thaitníonn leat ar scoil.
- Smaoinigh go leathan ar shlite beatha, go minic bíonn daoine go hiontach i bpost nár smaoinigh siad air cheana féin.
- Google /Suíomhanna idirlín
- Yellow pages /Nuachtáin
- Cuairt a thabhairt ar an áit ina bhfuil suim agat
Conas a chuirim isteach ar thaithí oibre?
- Téigh i dteagmháil leis an bhfostóir go pearsanta nó le ríomhphoist nó ar an bhfón. Uaireanta bíonn sé seo deacair agus tógann sé trí nó ceithre glaoch fóin , ach lean leis.
- Bíodh dátaí an taithí oibre agat os do chomhair , peann i do lámh agus píosa páipéir os do chomhair chun aon nótaí a ghlacadh.
- Má tá tú ag glaoch isteach ar aon áit, bíodh cóip den litir iarratais agat agus CV déanta amach agat le fágáil leis an bhfostóir. (Samplaí le teacht)
- I gCÓNAÍ cuir ceist ar an duine a bhfuil tú ag labhairt leis cad is ainm dóibh agus coinnigh taifead de sin ar eagla go gcaithfaidh tú dul i dteagmháil leo níos déanaí .