Nasc le scoil i Tours sa Fhrainc - Alex Mar chuid den rang eolaíochta, thosaigh daltaí na hidirbhliana ag déanamh taighde ar fhuinneamh inathnuaite mar gurb é athrú aeráide ceann de na fadhbanna is mó atá amach romhainn faoi láthair. Fuair gach grúpa de bheirt nó de thriúr topaicí éagsúla agus rinne siad póstaer air sin. Ag an am céanna, bhí daltaí in Tours, An Fhrainc, ag déanamh taighde ar na topaicí céanna agus fuair muid i dteagmháil leo siúd trí Skype sa rang agus chuir muid muid fhéin in aithne dá chéile. Beidh muid i dteagmháil leo arís chun ár gcuid oibre a phlé. Age Action - Darragh Ó'M Ar Dé Haoine an 15ú Meán Fómhair, Thosaigh an scoil ag cur ranganna ríomhairí ar fáil do daoine thar 55. Sna rang seo múntar na rudaí bunúsach le ríomhairí, tabléidí agus fón poca. Bíonn té agus café ar fáil do na daoine sean. Bíonn na ranganna ar feadh 5 seachtaine agus bheidh scrúdu beag an taréis na cúig seachtain. Díolacháin Císte -Alex Ar Dé Luain an 18ú Meán Fómhair, bhí díolachán ciste againn ar son an Chumainn Ailse Carraig Mhacaire Rois. Rinne rang cócaireachta na hidirbhliana cistí agus thóg daltaí eile cistí isteach freisin. Díoladh ag am lóin iad agus bhí siad go léir an-bhlasta ar fad. Baileadh €132 san iomlán a bheas ag dul go Cumann Ailse Carraig Mhacaire Rois a chabraíonn daoine le ailse i gCarrig Mhacaire Rois, Co. Mhuineacháin agus an ceantar máguaird. Turas chuig Lough Dan- Finnán agus Conor School Summit - Turlough agus Daniel
0 Comments
|
School Summit |